Osclaíonn an Chomhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga (ALT-EDIC) 7 bpost chun a foireann lárnach a chruthú.
Lorgaíonn ALT-EDIC iarrthóirí ar spéis leo ról lárnach a bheith acu i bhforbairt na hintleachta saorga san Eoraip. Tá na poist seo a leanas ar fáil:
- Bainisteoir oifige
- Riarthóir tionscadail
- Oifigeach cumarsáide agus scaipthe
- Saineolaí dlíthiúil
- Bainisteoir meastóireachta teicneolaíochta teanga
- Bainisteoir sonraí teangeolaíochta
- Forbróir bogearraí
Beidh idirghníomhaíochtaí le raon leathan páirtithe leasmhara i gcomhthéacs idirnáisiúnta i gceist leis na poist. Ní mór d’iarrthóirí a bheith líofa in dhá theanga Eorpacha ar a laghad.
Beidh an obair laethúil ar siúl in Villers-Cotterêts na Fraince, agus/nó i bPáras, agus beidh cruinnithe ar siúl sa dá láthair. Is féidir socruithe teilea-oibre a mheas.
Cuirfear tús le hathbhreithniú ar iarratais an 13 Eanáir 2025. Fanfaidh na poist ar oscailt go dtí go líonfar iad. Tá sonraí ar fáil anseo.