Roghnaíodh tionscadal LLMs4EU (Samhlacha Móra Teanga don Aontas Eorpach) le haghaidh maoiniú ón Aontas faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.
Tacóidh an tionscadal le líon mór comhpháirtithe ó éiceachóras LLM na hEorpa. Cuirfidh sé ar a gcumas sonraí teanga a bhailiú ar cháilíocht agus ar chainníocht leordhóthanach chun bunsamhlacha teanga móra a thógáil chomh maith le samhlacha atá curtha in oiriúint do theangacha, d’fhearainn nó do thionscail shonracha, agus chun tacaíocht agus seirbhísí tiomnaithe a chur ar fáil lena gcuirfear ar chumas daoine eile na samhlacha atá ar fáil a mhionchoigeartú.
Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an tionscadal faoi Earrach 2025, ar feadh tréimhse 3 bliana. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo anseo.